School: Seana-Caiseal (roll number 16745)
- Location:
- Shanacashel, Co. Kerry
- Teacher: Máire, Bean Uí Fhoghludha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)é, mar táim marbh tár éis na hoidhche."
De thánadar isteach agus d'fiafruig an máighistir de,
"An é an fear mór dubh atá i gcómhnaidhe?"
"Is é." arsa Tadhg "agus sé an diabhal fir (?) pé nídh atá 'á thabhairt annso gach aon oidhche."
Dubhairt an máighistir lé Tadhg
"Gluais ort arís go dtí an tigh."
Thug sé breicfeast dhó (?) arís agus d'órduig sé dho dul dul a chodhladh ins an leabhaidh is fearr a bhí sa tigh. Nuair a tháinig aimsear dinnéir do ghlaoidh sé ar Tadhg chun a dhínnéir. D'eirig Tadhg go leiscamhail agus ní (?) mór d'ith sé leis, már bhí tuirseach tár éis na h-oidhche roimis. Nuair a bhí a dhinnéar iththe aige d'fiafruig an máighistir de,
"A raghair síos anocht a Thadhg agus gheobhair cúig púint eile."
"Is dócha" arsa Tadhg "gur bé an t-airgead ceannuighthe agam é, go marbhóchadh sé mé sa deireadh mar is measa a bhí sé aréir ná an oidhche roimis féin. Bhí sé ar buile cun cómhraic aréir agus is dócha go marbóchaidh sé anocht mé. Ach is cuma liom, raghad síos as go h-áraighthe." Do thug an máighistir ordú don buacaill arís dul síos an tríomhadh h-oidhche agus an tig do shocrugadh suas arís do Thadhg i gcóir na h-oidhche. Nuair a bhí an oidhche ag teacht do chuaidh Tadhg arís síos isteach sa tigh mhór(continues on next page)- Collector
- Maitéas Ó Gríbhthín
- Gender
- Male
- Address
- Gortmaloon East, Co. Kerry
- Informant
- Pádraig Ó Seagha
- Gender
- Male
- Address
- Shanacashel, Co. Kerry