School: Seana-Caiseal (roll number 16745)
- Location:
- Shanacashel, Co. Kerry
- Teacher: Máire, Bean Uí Fhoghludha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)go dtí go nglaoidhfeadh sé féin air arís. Ag aimsear dínnéir do ghlaoidh sé ar Thadhg chun a dhinnéir, agus bhí "job" agus ar é dhuiseacht (?) mar bhí sé tuirseach tar éis bruighen na h-oidhche roimis. D'fiafruig sé dó Tadhg arís
"A raghair síos arís anocht sa tigh mhór"
Níor fhreagair Tadhg é ar feadh tamaill maith
"Ó geobhair cúig púint eile anocht" arsan máighistir.
"Mhuise, is dócha go marbhuigheóchaidh sé mé oidhche éigin mar fuaireas mó dhóthain de aréir."
Ach do mheall an t-airgead, Tadhg agus dubhairt sé
"Is dócha go raghaidh mé."Do chuir an mháighistir an buacaill síos, tráthnóna, chun an teine dho dheanamh síos arís agus an tígh do shocrughadh suas ar nós mar a bhí sé an cheadh oidhche, agus d'imthig Tadhg síos arís ar theacht na h-oidhche. Bhí an tigh socair suas roimis agus do shuidh sé ar a' gcathaoir lé hais na teine. Bhí buidéal mór fuisgí ar an mbórd lé hais na teine aige agus do bhí sé ag ól braon as agus ins an am cheadhna d'on oidhche do labair an guth arís taobh amuigh de'n doras.
"B'fhuil aoinne istig."
"Tá" arsa Tadhg "agus is dóigh liom gur bé an diabhal atá id phriocadh má thagann tú isteach anocht."
Le sin d'oscail(continues on next page)- Collector
- Maitéas Ó Gríbhthín
- Gender
- Male
- Address
- Gortmaloon East, Co. Kerry
- Informant
- Pádraig Ó Seagha
- Gender
- Male
- Address
- Shanacashel, Co. Kerry