School: Seana-Caiseal (roll number 16745)
- Location:
- Shanacashel, Co. Kerry
- Teacher: Máire, Bean Uí Fhoghludha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)leanadar mar sin go dtí gur ghlaoidh an coileach agus do léim an fear isteach sa cómhrainn arís agus an doras amach agus do dhún a' doras na dhiaidh mar a bhí sé roimis. Ar maidin go moch níor dhearmhad leis an máighistir agus an "steever" teacht go dtí an doras. Do ghlaoidheadar ar Tadhg agus d'fiafruigheadar dé a raibh sé na bheathaidh tar éis na h-oidhche.
"Táim" arsa Tadhg.
"Oscail an doras" arsan máighistir.
Do léim Tadhg agus d'oscail sé an doras. D'fheacadar mór dtimcheall an tíghe agus bhí scannradh na gcroidhe nuair a chonnacadar an tigh fuirsuighthe tar eis na h-oidhche, na fallaí leaghtha, an bórd a bhí socair lé hais na teine thíos ag an ndoras agus an chathaoir leis.
"Cad a scríob na fallaí arsan máighistir.
"N'íl siad leath mar budh ceart dóibh bheith" arsa Tadhg, tar eis bruighne na h-oidhche.
"Cé bhí ar troidh," arsan máighistir
"Fear mór dubh," arsa Tadhg, "a tháinig isteach annso aréir agus thugamair an oidhche ag cómhraic."
"Cathain imthig sé uait," arsan máighistir.
"Nuair a ghlaoidh an coileach" arsa Tadhg, "agus ní raibh aon uaigneas ormsa na dhiaidh nuair imthig sé."
"Teanam ort" arsan máighistir arís agus do thug sé go dtí na thig féin e. Thúg sé breicfeast dó agus d'órduig sé do dul a chodhladh(continues on next page)- Collector
- Maitéas Ó Gríbhthín
- Gender
- Male
- Address
- Gortmaloon East, Co. Kerry
- Informant
- Pádraig Ó Seagha
- Gender
- Male
- Address
- Shanacashel, Co. Kerry