School: Seana-Caiseal (roll number 16745)
- Location:
- Shanacashel, Co. Kerry
- Teacher: Máire, Bean Uí Fhoghludha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Tá leath d'osaon acu thios sa tigh mhór roimhe (?) agus teine bhreágh agus go haon saghas bídh i (?) a theasteocaidh uaith thíos ar an mbórd. D'imhigh Tadhg lé na chois agus do chuadar isteach ins an tigh mhór agus do thaithn go haon nídh lé Tadhg a bhí ann. Nuair a bhí an "steever" ag imteacht uaidh agus an oidhche ag teacht d'fiafruig Tadhg d'en "steever",
"Cá bhfuil eochair an dorais."
"Cuirfead an glas ar an dtaobh amuigh" arsan "steever".
"Ní dheanfaidh san an gnó (?) arsa Tadgh. Caithfeadh sa an eochair d'fághailt cun glas a chur ar an ndoras ó'n dtaobh istigh. Do shuidh Tadhg annsan ar a gcathaoir lé h-ais na teine, agus i lár na h-oidhche do labhar an guth.
"An bfuil aoinne istig" ar seisean
"Tá" arsa Tadgh
"Oscail an doras" ar seiseann.
"Ní óscaileóchad" ar Tadgh "mar tá ordú agam ó'n máighistir gan aoinne a leigeant isteach annso anocht."
Agus lé sin d'oscail an doras agus tháinig an cómhra isteach chuige ar lár an úrláir.
"Tóg amach as san mé" arsan fear mór dubh.
"Is fearra dhuit fuir(?) istig mar a bhfuileann tú" arsa Tadhg.
Lé sin do léim an fear amach as a' gcómhrainn agus do rith sé fé dhéin Thaidhg chun é láimhsiughadh ar scórnaig, ach do chuir(?) siar Tadhg é leis an maide cuilinn agus do(continues on next page)- Collector
- Maitéas Ó Gríbhthín
- Gender
- Male
- Address
- Gortmaloon East, Co. Kerry
- Informant
- Pádraig Ó Seagha
- Gender
- Male
- Address
- Shanacashel, Co. Kerry