School: Seana-Caiseal (roll number 16745)

Location:
Shanacashel, Co. Kerry
Teacher:
Máire, Bean Uí Fhoghludha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0470, Page 139

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0470, Page 139

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Seana-Caiseal
  2. XML Page 139
  3. XML “Aiste Tadhg Díomhaoin ó Uibh Ráthach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    uaidh leis. Ach nuair a bhíodar ag imteacht uaidh d'fiafruig an captaen do Thadhg.
    "Cad é an saghas fir tusa no cad a thagann annso thú gach aon oidhche."
    "Ag faire t-snátha Mháire Ní Mhóráin" arsa Tadhg "Agus sid í an oidhche dheanach agam annso már tá sí chun an t-snátha a thabhairt isteach tráthnóna amáireach."
    "A' ndeineann tú aon obair" arsan captaen lé Tadhg.
    "Fagaim mó dhóthain ag dul ó thig go tig" arsa Tadhg "agus go mór mhór tigh Mháire Ní Mhóráin bean an t-snátha. Tá sí go h-ana mhaith domh."
    "Nach iongantach arsan captaen ná théigheann tú ag tuilleamh dó phágh."
    "Do raghainn" arsa Tadhg "dá bhfaigheann an págh lé tuilleamh ach níl aon tuilleamh annso."
    "Ná raghfá síos" arsan captaen "go Cloichín an Mhargaidh agus dó gheobhfá págh mór ann ag baint coirce lé corrán."
    "Raghadh" arsa Tadhg.
    "Má théigheann tú arsan captaen. Cuir sé ainm ar siopa ar a' sráid go gceannóchadh sé corrán ann. D'imtigh Tadhg go dtí gur dhein sé amach Cloichín an Mhargaidh agus do dhein sé amach an siopa agus do cheannuig sé corrán ann agus Dia Domhnaig do sheasamh sé ar an margadh lé'n a chorrán agus ma sheasamh níor híaráil aoinne é. Ach tráthnóna do tháinig fear capaill aníos an t-sráid. Chonnaic sé Tadhg na sheasamh ar an margadh agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0326: The Youth Who Wanted to Learn What Fear Is
    Language
    Irish
    Collector
    Maitéas Ó Gríbhthín
    Gender
    Male
    Address
    Gortmaloon East, Co. Kerry
    Informant
    Pádraig Ó Seagha
    Gender
    Male
    Address
    Shanacashel, Co. Kerry