School: Seana-Caiseal (roll number 16745)
- Location:
- Shanacashel, Co. Kerry
- Teacher: Máire, Bean Uí Fhoghludha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)aréir. Beidh an sceúl go h-aindeis agam ach ní ( fheadfadh mé tusa eitheach a Mháire mar tá'n tú ana mhaith dhom.
D'imtig sé amach an tara (?) h-oidhche agus do shín sé amuigh i lár na páirce arís, i lár an t-snátha. Ins an am cheadhna tháinig an gasra ceadhna agus an t-ualach camán acu. Do chaitheadar anuas lé hais cosa Thaidhg ar a bpáirc iad id do láimhsig Tadhg an camán ceadhna a bhí aige an oidhche roimhis san agus do sheasamh an captaen diamhaoin aris ag feucaint ar an mbáire mar bhí a camán ag Tadhg agus do thosnuigheadar ag imirt an bhaire ar nós na h-oidhche roimis go dtí gur glaoidh an coileach agus dhimtigheadar ortha arís agus do shín (?) Tadhg agus do thuit sé na chodladh. D'fiafruig Máire dhe ar maidin
"Ar tháinig aon bhiteamhaighe aréir"
"Táinig an cleas ceadhna agus tá a rian san ormsa. Táim tuartha tuirseach na ndiaidh."
Do thug sí do a breicfeast, agus do chuaidh sé a chodhladh go dtí gur tháinig an tráthnóna. Do ghlaoidh sí arís air chún dul ag faire an t-snátha agus gur b''í seo an oidhche dheanach aige á fhaire. D'eirig sé go mall agus do chuaidh sé amach an oidhche dhenach agus b'é an slighe cheadhna a bhí aighe an tríomhadh h-oidhche. Nuair a ghlaoidh an coileach an tríomhadh h-oidhche do chaiteadar uatha na camáin arís agus do chaith Tadhg a camán(continues on next page)- Collector
- Maitéas Ó Gríbhthín
- Gender
- Male
- Address
- Gortmaloon East, Co. Kerry
- Informant
- Pádraig Ó Seagha
- Gender
- Male
- Address
- Shanacashel, Co. Kerry