School: Seana-Caiseal (roll number 16745)

Location:
Shanacashel, Co. Kerry
Teacher:
Máire, Bean Uí Fhoghludha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0470, Page 136

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0470, Page 136

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Seana-Caiseal
  2. XML Page 136
  3. XML “Aiste Tadhg Díomhaoin ó Uibh Ráthach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ag teacht dubhairt sí le Tadhg dul amach ag faire an t-snátha, agus do thóg Tadhg leis maide mór cuilinn na laimh agus do shín sé istig i lár na páirce chun an t-snátha d'faire ós na bitheamhnaig. Timpeall lár na h-oidhche do cualaidh Tadhg an gleó ag teacht isteach sa phairc agus léim sé na sheasamh agus an maide mór 'na laimh aige mar cheap sé gur b'iad na bitheamhnaig a bhí ag teacht a' goid an t-snátha ach níor bh'eadh, lé sin do chonnaic sé meitheall mór fear ag teacht fé na dhéin isteach i lár na páirce agus ualach mór camán ar dromh duine acú. Do chaitheadar an beart camán anuas le h-ais cosa Thaidhg ar a bpáirc agus do láimhsig Tadhg an camán is fearr a bhí sa bheart. Bhí gach duine achu a' tógaint camán do féin go dtí go raibh an ceann deanach tógtha acu ach bhí camán an chaptaein ag Tadhg agus ní raibh aon chamán ag an gcaptaen annsan.
    "Tabhair dóm mo chamán arsan captaen lé Tadhg".
    "Ní gheobhair é" arsa Tadhg "go dtí go dtuilllfidh tú é."
    Do rith sé fé dhéin Thaidhg chun an camán do bhaint de lé láimh láidir ach níor fhéad sé an camán a bhaint dé Thadhg agus do sheasam sé diamhaoin feadh na h-oidhche a' feucaint ar an mbáire, agus nuair a ghlaoidh an coileach do chaitheadar ar fad, na camáin ar an bpáirc arís agus do thóg an fear an beart camán leis aris agus ní fheacaidh Tadhg iad as san
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0326: The Youth Who Wanted to Learn What Fear Is
    Language
    Irish
    Collector
    Maitéas Ó Gríbhthín
    Gender
    Male
    Address
    Gortmaloon East, Co. Kerry
    Informant
    Pádraig Ó Seagha
    Gender
    Male
    Address
    Shanacashel, Co. Kerry