School: Both Íseal (roll number 16744)

Location:
Boheeshil, Co. Kerry
Teacher:
Séamus Ua Conchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0470, Page 004

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0470, Page 004

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Both Íseal
  2. XML Page 004
  3. XML “Scéalta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann fadó agus bhí teinneas ar a chois ar feadh da bhlíadhain. Oidhche amháin bhí taidhbhreamh aige, dá raghadh sé go dtí Cillín i gClúain agus a cos do níge san uisge beannuighthe a bhí ann ná beadh a thuilleadh teinneas air.
    Maidin imbháireach chuaidh sé go dtí cillín agus nígh sé a cos san uisge beannuighthe. Ní raibh a thuilleadh teinneas ar a cois as san amach.
    Tar éis tamaill chuaidh sé ag feachaint ar na clocha ógam atá ann. Thóg sé ceann acu i na láimh. Tuit an cloch ar an dtalamh agus do briseadh é.
    Chuaidh sé abhaile go sásta. An oidche sin táinig alán daoine isteach san tseómra ina raibh sé ‘na codhladh. Dubhradar leis dul go dtí an Cillín arís agus an cloch do bhris sé do chuir suas i gceart. Chuaidh sé go dtí an cillín agus dhein sé an rud a dubhradh leis.
    Tháinig sé abhaile agus bhí fios aige gur sprid a bhí ann.
    Sean Ua Cabthuig,
    Clúain, Gleann Cárthaig, Condaé Cíarráidhe.
    54 bl
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    2. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Informant
    Sean Ua Cobthuig
    Gender
    Male
    Age
    54
    Address
    Cloon East, Co. Kerry