School: Bunaneer (roll number 10242)

Location:
Bunaneer, Co. Kerry
Teacher:
Siobhán Ní Choncubhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0468, Page 315

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0468, Page 315

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Bunaneer
  2. XML Page 315
  3. XML “An Sméaróid”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Rud iseadh smearóíd go bhfuil buadh aici seachas tear, d'réir muintir na Gaedealtachta. An té go mbeadh na seilbh agus é amuigh istoidhche níor bhaoghal do sprid ná púca ná aon droch nídh eile.
    Nuair a téidheadh daoine ag scoruideacht istoidhche dá bhfanadh duine aca siar gan dul abhaile le coir na coda eile go gcuireadh duine éigin de muintir an tighe smearóid na phóca le linn dul abhaile dho.
    Creididís go mbíodh sprideanna agus púca, agus an sluagh sidhe - agus aingil an uabhair ag faire ar daoine istoidhche cun díoghbháil nó dochar a dheanamh dóibh, ach nár bhféidir leo aon dochar nó díóghbháil deanamh d'aoine go mbeadh sméaróid na póca na in aon bhall dá cuid éadaig.
    Sin é an fáth a deiridís le daoine a bhíodh amuigh istoidhche smearóid a cur na bpóca roimh dul amach as an dtig dóibh cun dul abhaile agus mar a ndeanfadh duine rud ortha do chuirfidís feín sméaróid na phóca.
    Ba curamaige a bhíthí ar leanbhaí ná ar daoine fásta mar bhíod sé buailte isteach in aigne na sean-daoine go sciobfaidhe cun siubhal na leanbhaí dá leigtí dóibh dul tar dorus amach t'r éis luighe na gréine gan an smearóid do chur chúca na gcuid éádaigh, agus go mbféidir ná fillfedh abaile chucha i n-ionad na leanbh ach síóthbhraí granda cun bheith gá gcrádh de ló agus oidhche, níor bhfior cad é an fhaid. Is minic a chuaidh leanbh ar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Siobhán Ní Choncubhair
    Gender
    Female