School: Bunaneer (roll number 10242)

Location:
Bunaneer, Co. Kerry
Teacher:
Siobhán Ní Choncubhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0468, Page 307

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0468, Page 307

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Bunaneer
  2. XML Page 307
  3. XML “Nósanna do Bhaineann le Lá Bealtaine”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Nósa do baineann le lá bealtaine.
    Cuid des na sean poseógaibh a bíodh ar siubhal ag daoinibh maideán lae bealtaine.
    Cailíní agus buacaillí óga gan pósadh do bhíodh ag gabháil de'n t-sean-nós so. Is amhlaidh a theastuigheadh uatha a fághail amach an bpósfaí iad, agus cé bheadh aca mar chéile. Cailín go dteastóchadh an fios san uaithi níor mhór di bheith 'na suidhe roimh éirighe gréine, agus dul amach ar fuid na bpáirceanna agus drúichtín fhághail-drúictín is eadh feilmidhe beag bán a bhíonn le fághail
    Maidheanacha go mbíonn an drúcht go trom ar an dtalamh.
    Nuair a gheóbhadh sí an druichtín, bheadh uirthi é bhreith abhaile léi. Annsan caithfeadh sí pláta mór fághail agus plúr do scaipeadh go h-éadtrom ar an bpláta. Cuirfeadh sí an druictín ar an bpláta annsan agus báisín anuas air as a béal fé, agus do leogfad sí de'n drúichtín bheith ag snámh anonn is anall, fe'n mbáisín go dtí go mbeadh a rian go mbith ar an bplúr. Ansan do leogfad sí an pláta agus an plúr d'infiucadh agus as an rian d'fágfadh an druichtín ar an bpláta agus as an bplúr, deanfadh sí amach anim an fir a bheadh mar céile aici.
    Siubhal is faigh mo chéile dhom ar eircín bó riúin
    Is buacaill bó 'gus caorach mé,
    Is is sclábhuide mhaith in ao bhall mé
    M'ainm is sloinne bhéarfadh duit,
    San eircín bó mo riúin.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
    2. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Languages
    Irish
    English