School: Bunaneer (roll number 10242)
- Location:
- Bunaneer, Co. Kerry
- Teacher: Siobhán Ní Choncubhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Bunaneer
- XML Page 306
- XML “Súgradh na Leanaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Súghradh na leanbh
Tógann duine des na leanbaí blúire de chipín: agus cuireann sé ceann de san teine. Nuair a bhíonn sé dearg tógann sí amach é agus síneann sí cun an duine i n-a h-aice féin é agus deireann sí agus an cipín in a láim aici.
Seo mo bhírin duit, cad is brígh dó
Má fhaigheann mo bhirín beó bás idir do dá láimh
Bíodh an trom trom, ort.
Tógann an duine in-a h-aice uaithe é annsan agus tugann sí do dhuine eile é ag rád na rann céadna. Pé duine go múchfhaidh an birín 'na láimh cuirfidh na daoine eile dalladh-puicín uirthi, síseann sí ar an úrlár, agus cuiridh rud éigin anuas ar a drom mar ursal, nó stól, nó fód móna, ag rád le gach aon ualach.
Trom, Trom.
Cad tá ar do chionn?
Beidh sí ag tomhas cad tá ar a drom, agus fágfar annsan é go mbeidh an tomhas ceart aici. Mar so, má cuir duine éigin fód móna ar a dhrom agus nuair deir sí, bféidir, go bhfuil an gadhar anuas uirti, déarfaidh an duine eile, fan annsoin, a fhóid móna go dtiocfaidh an gadhar" - ach ar a mbás ní cuirfheadh siad an gadhar anuas uirte 'na dhiaidh sin.- Collector
- Siobhán Ní Chonchubhair
- Gender
- Female
- Informant
- Siobhán Bean Uí Chonchubhair
- Gender
- Female