School: Bunaneer (roll number 10242)
- Location:
- Bunaneer, Co. Kerry
- Teacher: Siobhán Ní Choncubhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Bunaneer
- XML Page 300
- XML “Sean-Nós - An Chuach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Éan iseadh an chuach gur maith le daoinibh a guth do chlos nuair a thagann sí cugainn sa samhraid.Bíonn cluais le h-éisteach ar gach aoine feacáint cathain a cloisfeadh sé ag labairt í agus cioca cluais leis 'na labharfadh sí mar chuirfeadh san in iúil do chioca an t-ádh nó mí-ádh bheadh 'na cóir i rith na bliadhna.Is luaithe a cloistear í mar a mbíonn crainn agus coillte 'ná in-aon áit eile, mar is ionmhain leí iad."Dá labharfadh an chuach ar crann gan duilleabhair díol do bhó agus ceannaig adhbhar"Deirtí nár labhair an chuach raibh ar crann gan bileóg glas air.Rud eile agus sé rúd é ná so; dá dteidheadh an gabadán imbeál na cuaiche go dtuitfeadh an t-aer agus an talamh ar a céile. An gobadán an éan a bíonn ag leamnaint na cuaiche i gcómhnuidhe.Tá mórán piseóg i dtaobh na cuaice - deirtear ma cloiseann duine an chuach na chluais dheis go mbeidh an t-adh leis i rith na bliadhna, ach ma cloiseann sé 'na chluais clé í ná raghaidh aon níd cun cinn do(continues on next page)
- Collector
- Siobhán Ní Chonchubhair
- Gender
- Female