School: Bunaneer (roll number 10242)
- Location:
- Bunaneer, Co. Kerry
- Teacher: Siobhán Ní Choncubhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Bunaneer
- XML Page 290
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí sean bean ann fad ó agus ní raibh aon scannradh ar talamhm an domhain ach a raibh d'airagead aice. Ór buidhe ar fhad a bhí aici. Do mair sí i bhfad acht thánaig an bás sa deireadh.Do mhothuig sí ag teacht é agus má mhothuig bhí an t-airgead ag deanamh mearathail an domhain di.Ní raibh aoine 'na theannta acht cailín agus nuair a fuair sí go gcaitfeadh sí gealladh don bhás dubhairt sí leis an gcailín an t-ór a leaghadh ar an dteine go n-ólfad sí é - bhí an oireadh san de shainnt agus de dhúil aici ann.Cad do dein mo chailín, le mhéid a gliocais, acht cnapán ime d'fághail agus leaghadh ar an dteine in ionad an óir agus é thabairt dí le n-ól.Níor bhfada na dhiaid sin go bhfuair sí bás.
an t-ím is-dóca fé ndeara an bás obann! Is í abhí go sásta ag dul cun báis di mar cheap sí gurbh é an t-ór a bhí ólta aici. Níorbh eadh - ámhthach, bhí sé ag an gcailín agus is aici bhí an saogal breag as san amach.- Collector
- Siobhán Ní Chonchubhair
- Gender
- Female