School: Bunaneer (roll number 10242)

Location:
Bunaneer, Co. Kerry
Teacher:
Siobhán Ní Choncubhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0468, Page 288

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0468, Page 288

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Bunaneer
  2. XML Page 288
  3. XML “Scéal Beag”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí Eogan Ruadh Ua Suillleabháin ag spealadóireacht lá i gConndae Luimnig. Miothal a bhí ann. Bhí tig an t-sagairt an cóngharach do'n pháirc i n-a rabhadar ag obair, agus thug na fir an maidhean ag ithte na feóla fuara. Bhíodar a rád go raibh an sagart mar seo agus mar súid agus na fuair aoine riamh oireadh agus aon greim amháin le n-ithe uaidh.
    "Cuirfeadh púnt le h-aon duine agaibh go bfaghaidh mo dhínnéar uaidh gan é iarraid air," arsa Eoghan.
    Do thóg dujine aca suas go tapaid agus do chuireadar suas an dá phúnt i láímh an maighistir do bhí ortha. D'fan Eoghan go raibh sé timcheall am an dínnéar agus seo isteach ann soin é go tig an t-sagairt. Do fhiafruig sé de mhnaoi an tighe an raibh an sagart istig.
    "Tá sé ag ithe a dínnéir" arsa ise.
    Cad dob áil leat de.
    "Tá gnó agam de féín," arsa Eoghan. Do innis an bhean do'n sagart go raibh fear éigint annsan chistin go raibh gnó aige dhe.
    "Abair leis an gnó d'innsint duit," arsa an sagart. Do innis an bhean an méid sin do Eoghan, acht dúbairt sé léi gur duine é fhéin do shiubailigh a lán agus gur iomhda rud do ciofeadh se ag dul amughadh ná h-oirfeadh do innsint di féin.
    Do innis sé an freagrá soin do an tsagairt
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Siobhán Ní Concubair
    Gender
    Female
    Informant
    Máire Bean Uí Cártaig
    Gender
    Female