School: Bunaneer (roll number 10242)

Location:
Bunaneer, Co. Kerry
Teacher:
Siobhán Ní Choncubhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0468, Page 240

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0468, Page 240

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Bunaneer
  2. XML Page 240
  3. XML “Bia na Seanaimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fadó do bhíodh trí béile achu sa ló, an breachfeast, an dínnéir, agus an súipéar. Deinidís obair cruaidh go minich roimh an chéad béile. Ní té a bhíodh achu san t-sean-aimsir mar ní raibh áon trácht ar té an úair sin. Dithidís arán agus bainne ramhair i gcóir an breichfeast. Do bhíodh an béile sin ar a deich a clog ar maidin. Do bhíodh prátaí agus iasg achu i gchóir an dinnéir, agus min-coirche i gcóir an súipéar. Do bhíodh pota beagh prátaí achu, agus ólfhaidís a ndóithin bláthach. Núair a bhíodh béile ar siúbhal cuirfhidís an bórd i naiche leis an racha i dtreó is go súidhfheadh gach duine na tímpal, mar ná raibh púinn cathaoireacha achu an úair sin. Bhíodh dhá saghas aráin achu arán bán agus arán búidhe. Bhíodh an t-arán búidhe ag na daoine bochta, agus an t-arán bán ag na daoine úaisle. Núair a bhíodh siad á déanamh, fúaireadh siad an min agus measgheann siad é le uisge teich agus roinnt bainne agus deineadh siad é bhácháilt ar an gridéal. Dheinidís ceithre cuid de núair a bhíodar á bhácáil. Ní bhíodh aón fheóil achu ach úaireanta, ach bhíodh íasg achu i gcómhnuidhe, is mar seo a bhfaigheadh na daoine ná raibh i n-aiche leis an fharrge an t-íasg thabharfhaidís olann ar an t-íasg. Áon úair a bhíodh feóil ghuirt a bhíodh achu mar marbhuidís na gamhna óga mart fheóil a tughtaí ar. Bhíodh a lán uibhe achu Domhnach Cáscha agus íosfhadh gach duine tímpal sé chínn achu an lá sin. Bhíodh a lán feóil agus uische beatha ag na daoine i gcóir an Nodhlagh agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Language
    Irish