School: An Gleann Mór (roll number 13973)

Location:
An Gleann Mór, Co. Kerry
Teacher:
Máire T. Ní Chonaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0467, Page 159

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0467, Page 159

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Gleann Mór
  2. XML Page 159
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgeul
    Bhí fear n-a chomhnuidhe ar Cnoc na dTobar san áit n-a bhfuil Tobar Beannuighthe Naomh Fursa. Ní raibh aon radharc aige ó bhí sé fiche blian. Ní stadadh sé ach ag tabhairt turas gach aon Aoinne , Satharn agus Domhnach. Bhí sé ag dul ar aghaidh mar sin ar feadh deich mblian. Ní imthigheadh sé go dtí aon Aifreann. Ní raibh aon seipeál i gCathair Saidhbhín ach dhá mhíle uaidh. Aon Domhnach amháin bhí a thurus críochnuighthe aige nuair a labhair duine leis. “Seadh, a Sheumais” ar seisean “Annsan ataoi , cén fáth nár imthighis go dtí an t-Aifreann Beannuighthe ?” “Níl aon radharc agam” ar seisean. “Draid i leith annso chugham” arsan fear. Bhuail sé a dhá láimh ar a shúile agus dhein sé comhartha na croise air."a chíonn tú aon nídh anois?" ar seisean. “Cím fear breágh uasal agus innis dom anois cé hé tú féin” “ Mise Naomh Pádraig” ar seisean “Nach fuil ‘ fios agat gur lá le Pádraig atá agat ?”
    Thug sé seamróg dó. Imthig go dtí an t-Aifreann gach aon Domhnach eile agus níl a bhac ort turas do tabhairt annso leis. An cheud Domhnach a d’imthig sé bhí an ghrian ag soillsiú isteach tríd na fuinneogaibh.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Máighréad Bean Uí Ceallaigh
    Gender
    Female