School: An Gleann Mór (roll number 13973)

Location:
An Gleann Mór, Co. Kerry
Teacher:
Máire T. Ní Chonaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0467, Page 119

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0467, Page 119

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Gleann Mór
  2. XML Page 119
  3. XML “Díoltas”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear saidhbhear ann is bhíodh sé ag dul ag fobhaileanacht gach aon lá. Bhí capall breagh aige. Bhí tamall de’n oidhche aige ag teacht abhaile cúpla oidhche roimh oidhche Nodlag. Ar an tslighe do bhuail buachaill leis agus mhairbh sé é. Thóg sé de na bróga agus a chuid éadaig ; casóg bréagh agus fiche punt sa phóca ann; hata breágh agus uaireadóir óir. Chaith sé I bpoll in-aice crainn é. D’imthigh sé ann san go dtí Ameriocá
    Bhír triúr mac ag an bhfear uasal seo is bhíodar ‘n-a lorg ach níorbh fheidir é fhághailt. Bhí fear ag gabhaílt an bóthair go deánnach san oidhche. Chonnaic sé fear agus capall in aice chrainn is ní raibh aon phioc de’n eudach air. Chuir an spiorad sgann radh air is rith sé leis abhaile. An nóimeat gur chuaidh sé isteach an dorus do thuit sé i bhfann tais. D’innis sé an sgeula nuair a tháinig sé chuige féin. D’innis sé do mhac an fhir a marbhuigheadh é. Chuaidh an triúr (?) fé dhéin na h-áite. Fuaireadar an corp. Bhí an capall marbh ann leis. Fuaireadar corann is chuireadar an corp san uaig.
    Bhailig an mac críonna leis feuchaint a ngeobhadh sé aon tuairisg arc é mhairbh a athair.
    Níor stad sé gur chuaidh sé go hAmeiriocá
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Máighréad Bean Uí Cheallaigh
    Gender
    Female
    Address
    Na Grága, Co. Kerry