School: An Gleann Mór (roll number 13973)
- Location:
- An Gleann Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire T. Ní Chonaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gleann Mór
- XML Page 110
- XML “Marbhna Thaidhg 'ac Domhnaill”
- XML “Rann Beag Eile”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Is tá banalthra an t-suainis i mbuadhbhall go trithe an ghrínn
Iad á milleadh ‘ge cobhachaibh agus feochain grándha fill
Is a Thaidhg ‘ac Domhnaill sé mo bhrón tú bháid ag an dtuinn. - I
D’fagás an baile ar maidin Dé h-Aoine
An t-ochtmhadh lá fichead de cheud agus míle,
Ag baint lán na cairte de thráig mór na hÍne
II
Phioc easba tobac ar bhothar Breuchaighe mé
Chonnac-sa an muga * sa dorus á dhíol ann | comhantha díolta
I dtig Concubhairín Mháighistir , an dorus ab’ ísle
III
Do chuireas mo theachtaire ag iarraidh smuitín de
Sé dubhairt ar do bheatha ná tabhar aon mhoill dom
Tá an lá ‘gainn á chaitheamh is ní fhánfaidh a’ taoide dhúinn
IV
Níor thaínig mo theachtaire le tobach ná le snaois chugham
Is phreabas don staír sin in áird’ an a mhaoilinn
Is cheapas go raibh teampall na Dromaid ‘ ag casadh mór dtímcheall
N’feadair cé dhein ach is deall ramthach gur chuin
An t-easba tobach meanthall air