Scoil: An Gleann Mór (uimhir rolla 13973)

Suíomh:
An Gleann Mór, Co. Kerry
Múinteoir:
Máire T. Ní Chonaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0467, Leathanach 095

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0467, Leathanach 095

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Gleann Mór
  2. XML Leathanach 095
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    D'athruigheadh fear de muinntir Gearailt ón Abha Riabhach (in aice na Snadhma) go Glórach.

    D'athruigheadh fear de muinntir Gearailt ón Abha Riabhach (in aice na Snadhma) go Glórach. Níor Theastuig uaidh féin imtheach ach leí air dul de réir órdú an Tighearna Talaimh. Chúm Seán Bán Ó Murchadha 1) an t-amhrán seo do adeirtear, i n-a ndeineann sé comparáid isir an dá áit.
    M’uaigneas an fhaid mhairfead
    Bheith ár ndíbirt óm’ an bhaile
    Soir go Túirín Chathair áit ná fuil aoibhneas ná spoirt
    Mar ní chloisid luig na ceasmirt (caismirt)
    Ag fearaibh bean ná leamabh
    Ag luigh chomh dúin le capall
    Go h-uaigneach ins a’ cheo
    Nuair éirighid súid ar maidin
    Imithighid chun (a) Reatha
    Adíbirt a’ gabhair ghleabaig
    Anuas chun a’ chro(in)
    Ní dheinid romhar na’ grafadh
    Ach síorruidhe ag ól a’ bhainne
    Deánfaidh súid lá dealbh
    Is baoghalach liom-sa fós
    Seo ceann eile a dhein an fear cheadna
    Mo shlán chun a’ bhaile gur thosnuigheas thíos ann
    1) Sean-úncail dómh-sa b’eadh é seo t-ó-m
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádruig Ó Conaill
    Inscne
    Fireann
    Aois
    c. 60
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Na Tuairíní, Co. Kerry