School: An Gleann Mór (roll number 13973)

Location:
An Gleann Mór, Co. Kerry
Teacher:
Máire T. Ní Chonaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0467, Page 036

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0467, Page 036

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Gleann Mór
  2. XML Page 036
  3. XML “Oíche Shúgach, Maidin Bhrónach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Lá Domhnaigh bhí beirt fear ag ól i dtig ósda sa tSnaidhim. Ó Doirín a Bhairigh a bheadh duine acu agus ar Leitir na dTarbh a bhí comhnuidhe ar an bhfear eile. Ba dhóigh leat dar ndóigh go raibh pócaí méithe acu mar chaitheadar an lá agus sgathan den oidhche ag ól. Ach ní raibh fuisgí ná pórtar chomh daor an t-am sin is tá sé anois. Seadh , nuair a bhí a ndóithin ólta acu agus nuair a bhí muinntear an tíghe chun an áit do dhúnadh b’éigín doíbh dul abhaile, chuadar is chuaidh an fear ó Leitir na dTarbh i dteannta an fhir eile. Bhí na tighthe go léir – an tig chomhnuidhthe , cró na mbó , cró an asail, cró na gcearc , cró na géanna agus tig beag i gcoír innill gearrtha in aon t-sráid amhain. B’ é an tig cómhnuidhthe ba sia siar agus bhí an beirt ag teacht ?? airthear. Bhí aithne maith ag fear a’ tighe is chuaidh sé slán ach bhí an fear eile ag breith ar an bhfalla agus ag útamáil sa doircheacht. Tháinig sé do’n cheud dorus. Bhí fhios aige narbh é sin é. Tháinig sé go dtí an dorus eile. “Ní hé sin”. Dorus eile agus dorus eile agus dorus eile fós.
    „Ba cheart go mbeadh sé agam anois „ D’osgail sé é. Níorbh eadh dar ndóigh ach cheap sé gurbh eadh. Bheir s’e ar láimh an innill agus thosnuigh sé á casadh. Nuair a bhí sé ag cur allus ó bheith ag siar-chasadh bhain sé de a chóta. Cóta breágh a bhí aige agus chaith sé é isteach i
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Ó Cathalán
    Gender
    Male
    Address
    Derreenavurrig, Co. Kerry