School: An Gleann Mór (roll number 13973)

Location:
An Gleann Mór, Co. Kerry
Teacher:
Máire T. Ní Chonaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0467, Page 030

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0467, Page 030

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Gleann Mór
  2. XML Page 030
  3. XML “Dómhnall Láidir”
  4. XML “Amhrán an Choiligh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Amhrán an Choiligh

    Coileach a bhí ag Ruaidhrí Ó Dálaigh ar Bun a' Droighin

    Coileach a bhí ag Ruaidhrí Ó Dálaigh ar Bun a’ Droighin bhíodh sé ag dul sa choirce a bhí curtha ag Seán Ó Seaghdha a bhí sa teoran aige. Bhíodh Seán ag rith air as a’ choirce is bhí sé ar tí é lámhachadh. Seo mar adubhairt an coileach bocht.
    I
    Is dealbh a’ saoghail é is is baoghalach dúinn gádhtar
    Is ní bhfaighinn aon “fair play” chun aon ní do sholáthair
    Mac deallramhuigheann Seán Ó Seaghdha dhom má dhéinim domáiste
    Go gcaithfidh sé fileár liom a thraocfhaidh iné láithreach
    II
    Tá Roderick im’ choinnibh i bhfuirm a chú
    Á rádh go stracfaidh sé mé ó bhathas go bún
    N’fheadair cá ngeobhad níl m’eaols in aon bhall
    Mar i bhfeirm a’ bhóthar seadh tógadh mé im’ éan bheag
    III
    Coinneóchad ar an mbóthar is go deo ní bheidh baoghal orm
    Is gheobhad cead Sheán ‘ac Dómhnall chun rómhar i Loc Casey
    Suas go dtí an droichead go dtí lug na bpoll taobh leis
    Sa charraig bheag mar a cheapaim ní brathfar mo shaothar
    IV
    Ach geallaim se díbhse nuair a bainfear a’ foghmhair
    Is gearrfar a’ coirce go bhfaighead cead mo shrón
    Ní bheidh coilig na gcomharsan ag gleo , troid ná bruighen liom
    Is gheobhad-sa is mo mná beag cead adhbhair sa choinnleach
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Óg Ó Conaill
    Gender
    Male