School: Leithead
- Location:
- Lehid, Co. Kerry
- Teacher: Diarmuid Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leithead
- XML Page 166
- XML “Scéal Púcaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal Púcaí
Bhí fear agus bean ina gcomhnuighe in Árgroom fadó agus an oídhce seo bhíodar imighthe a chodhladh nuair d'airigheadar fothrom mór ag an doras agus tháinig triúr no ceathrar fear isteach ná raibh aon aithne acu ortha. D'fhiafhraigh siad uirthi teine do dhéanamh agus an citeal do bheiriú dóibh. Nuair a bhí an citeal beirthe aici thugadar isteach arán agus té agus bainne agus tubán mór feóla a bhí amuigh san cán acu. Thosnuigheadar ag ithe annsin, agus d'fhiafhraídear don mhnaoi a n'íosfhadh sí cuid den fheóil, acht bhagair a fear a tighe uirthi gan é do thógaint. Mar sin féin thóg sí píosa den fheóil agus chuir sí ar an drisiúr é. Fé dheireadh, d'éirigh na fir chun imeacht, agus chuaidh an bhean go dtí an doras léo. D'imigheadar annsin agus tháinig an bhean isteach agus chuaidh sí a codhladh arís. Acht ar maidin lár na mháireach d'éirigh an bhean agus chuaidh sí go dtí an drisiúr chun an feóil d'fhághail ach bhí sí ar nós scata froganna ar an pláta. Bhí iongha mór ar an mbean agus taréis seachtain nó mar sin fuair an bhean breoidte agus chuaidh sí go dtí a leabaidh agus fuair sí bás cúpla lá na dhiaidh sin. Thuit sin amach in Árgroom'.
Bean Uí Shúilleabháin a d'inis an sgéal sin dom. Máighréad Ní Chathasaidhe- Collector
- Máighréad Ní Chathasaidhe
- Gender
- Female
- Informant
- Bean Uí Shúilleabháin
- Gender
- Female