School: Leithead

Location:
Lehid, Co. Kerry
Teacher:
Diarmuid Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0464, Page 024

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0464, Page 024

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leithead
  2. XML Page 024
  3. XML “Scéal i dtaobh an Bhean Ó Árdhghrúna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Aon oidhche amháin, bhí fear ó Droumbolla (?) ag dul go dtí Neidín i gcóir dochtúir. Bhí sé ana deanach agus ní raibh aon cár aige, bhí sé ag siúbhal ann. Núair a bhí sé ag filleadh abhaile agus núair a bhí sé ag barra Coíll Doire Locha casadh bean air. Bean ó Árdghrún a beadh í agus bhíodh sí i gcómhnuighe amuig is d'oidhche leis na púcaí agus thagadh sí abhaile go lúath ar maidin, sar (?) a ndeirigheadh aoinne. Acht an oidhche sin seo núair bhúail an fear uithe, d'fíafhruid sí do cadh na thaobh go raibh sé amuigh cómh deanac, agus dúbhairt an fear leí ná raibh sí féín amuigh chómh deanach (?) leis. Annsan dúbhairt sí leis an fear bheith ag dul abhaile go tapig. Chúaid an fear abhaile.
    Annsan bhí eagla ar an bean go bhfeicfhadh na daoine í ag dul abhaile, agus fúair sí cómhacht éígin cun eitilt abhaile. Núair bhí sí ag eitilt fuair sí ceangalta i chrann le hais tig Thadhg Uí Laoghaire. Fúair (?) fúaireabhas (?) crochta ann ar maidin í agus dúbhairt na daoini gur bean Uí Murdhuca ó Árdgrhúm a beadh í.

    Mo athair dinis an sgéul seo dom.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Máighréad Ní Chathasaidhe
    Gender
    Female