School: Leithead

Location:
Lehid, Co. Kerry
Teacher:
Diarmuid Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0464, Page 011

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0464, Page 011

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leithead
  2. XML Page 011
  3. XML “Scéal i dtaobh an Bhrúch a Labhair leis na Fir”
  4. XML “Scéal Púcaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fadó, bhí na fir ó Leitheadh amuigh ag íasgaracht oidhche, agus núair a bhíodar ag dul amach do thánaig brúch aníos ón uisge agus labhair sé leis na fir a bhí sa bhádm dúbhairt sí leo, dul abhaile anocht mar go bhfuighidís bá, dá raighidís amach ag íasgareacht. Do chasadar abhaile agus bhíodar buadhach don brúch.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Máighréad Ní Chathasaidhe
    Gender
    Female
  2. Aon oidhce amháin bhí fear ó Droumbohalla ag teacht abhaile ó thig Seáin Uí Shúilleabháin, agus bhí sé tímpeall a h-aon a clog san oidhche. Bhí sé ag teacht treasna páirce mo athair agus chúadhla sé asal ag screáchaigh na díagh. Lean an t-asal é agus é ag sreáchaigh i gcomhnuighe/ Núair thánaig sé go dtí mo thig-se sa bhaile, bhíomar go léir a chodhla agus bhí sé ag dul cun teacht isteach acht níorbh mhaith leis sinne do ghlaodhach. Annsan chuaidh sé síos an bóthar agus stad an t-asal ag scréichaigh núiar a thánaig sé go dtí an crois atá in aice mo thig-se. Thánaig úaganais mór air núair a thánaig sé go dtí an crois eile agus ní raibh fhios aige ciaca thiar an bóthar rachadh sé nó síos an bóthar. Annsan cuir sé a lámha in a phóca agus cad a fúair sé ann acht 'medals' agus dírac an úair san dimig an t-úaganais go léir agus chúaidh sé abhaile
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.