School: Landsdowne (Cuar na gCoileach) (roll number 6091)
- Location:
- Coornagillagh, Co. Kerry
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sí an baile fearrainn go bhfuil comhnuidhe orm ná Doire-Nidh i bparóiste Tuath-Síosta i mbarúntacht Gleann a Ruachtaighe i gCiarruidhe thiar theas. Trí tighthe atá i nDoire-Nidh agus ní ag brath ar feirmeóireachta atá aon cheann acha - siopa iseadh tig amháin díobh, tíg muinnteóra an dara ceann, agus tá teacht isteach ag fear an triomhadh tígh. Rugadh mo shinnsear anso agus bhí sgéalta mar a gheall ar a lán des na sean daoine ag mo seana mhathair atá marbh le fiche blíadhan go ndéanadh Dia trócaire dá h-anam. Deirtear go raibh fear a tíghe in a cómhnuidhe i mbothan amháin diobh so a bhí ana thugtha den tobac acgus be "Lane" an t-ainm a bhí air. Oidhche Nodhlag tháinig a bhean bhocht abhaile le bíadh i gcóir na Nodhlag agus cé go raibh a h-aigne deanta suas ag an mnaoi boicht píosa tobhac dó sholathar dá fear, thárla gúr dhearmadh sí é i gcuma éigin. Núair a fuair a fear pósta amach é thosnúigh sé a bheith ag bualadh bas agus ag(continues on next page)