School: Kenmare (B.) (roll number 2849)
- Location:
- Kenmare, Co. Kerry
- Teachers: Eoghan Ó Súilleabháin Liam Mac Cuisín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Kenmare (B.)
- XML Page 462
- XML “Mister Crowley”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)"O, maith a fear" ar siad go léir d'aon ghuth.
Thógadar leo é go íochtar Eireann agus ní fada a bhíodar ag dul ann. Bhí fear beo amháin leis ag imirt le muinntir na h-Éireann - fear go raibh ceann ruadh air.
Seadh! Thosnuigheadar ar an imirt Dhein an fear ruadh fé dhéin Mr Crowley agus thug guala dho. "Ná dhein é sin arís" arsa Mr. Cr. Dhein sé arís é má seadh is geárr gur leag Mr Crowley an fear ruadh agus an neomat a leag sé é chuir se amach an báire.
Airiú! Tóg a chuid féin Mr Cr. ar a nguailnibh agus ni fada go raibh sé sa bhaile aca
Tháinig Dia Domhnaig arís agus bhuail fearín na bréide le Mr Crowley.
"Seadh a Mhister Crowley" ar seisean "beidh braoinín eile indiú againn. Agus do bhí. Nuair a bhí an braon ólta aca d'iarr fear na bréide air ar chuaidh sé dtín lios.
D'fhreagair Mr Crowley go ndeaghaidh.
"Téighir ann arís anocht féachaint cad a bheidh ar siubhal aca" arsa fearín na bréide.
Do chuaidh Mr Crowley. Isteach sa chistin leis. Bhí sé follamh mar ba ghnáth. Chualaidh(continues on next page)- Informant
- Mícheál O hEaluighthe
- Gender
- Male
- Occupation
- Fear poist
- Address
- Dawros, Co. Kerry