Sgéal eile a fuaireas ó Dhómhnal ö Conchubhair (68 bl. d'aois) - Doire na gCathrach - Neidín
Fadó - dachad blian ó shoin nuair ná raibh na córacha taisdil chomh iomadamhail is táid anois, bhíodh ar na daoine bochta dul ó bhaile go baile ar marcaidheacht. Tá [an] Gleann Garbh ar an dtaobh eile (síos) den pharóiste seo (an Bunán) agus ba ghnáthach le muinntir na háite sin teacht go Neidín ar mhuin capaill go mór mór nuair a bheadh aonach san mbaile.
Thagadh a mná á dtionnlacan go minic gach fear ar an ndiallait agus a bhean mar "chúlóg" ar an dtaobh thiar de. Bhí duine desna fearaibh san ag dul abhaile uair, agus bheir an oidhche air ag Roilíoch atá cúpla míle ón bhfuathchais nú 'Kerry Tunnel'. Bhí capall aige agus chonnaic sé bean óna thuathaigh féin ag siubhal. Bean bheo-thorrach ab eadh í leis. D'aithin an fear í agus dubhairt sé léi "Nach mór an iongnadh go bhfuilir id aonar chomh mall san oidhche."
Annsan dubhairt sé léi
(continues on next page)