(continued from previous page)
Phreab an cailín amach chun iad do leogaint isteach.
Do lasadar coinneal agus ar an gcéad amharc a thugadar ar an dteine cad a chifidís ar stól acht dúidín bán agus é lán de thobac.
Bhíodh seanabhean - Peig Ní Luanaigh- ag gabháil timcheall an uair sin. Deirti go mbíodh sí i gcuideacht na ndaoine maith[e] agus maidin i mbáireach bhuail sí an doras isteach agus dubhairt sí gur ar lorg a píopa a thaínig sí airís.Ní fios ar cionnas a tháinig sí isteach an oidhche roimis sin mar bhí an bolta feistighthe go daingean ar an ndoras.