School: Tulca (roll number 1396)

Location:
Tullaha, Co. Kerry
Teacher:
Mícheál Ó Dálaigh

Filter stories

Back
/ 324 Forward
Resolution: Low | High
Paidreacha Eile

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 309

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Uimh. 10.
A Mhuire, is Tú mo mháthair, is mo dhóchas, cuirim mé féin fé do bhrat annsan; is mian liom mo shaoghal do chaitheamh go maith agus bás d'fhagháil i ngrásta Dé. Saor mé ón bpeacadh agus tabhair dom Do bheannacht - Amen.

Uimh. 11.
Ó a Dhia, tá dólás mór orm, fearg do chur ort de bhrígh go bhfuil tú chomh maith, agus tá rún daingean agam gan peacadh a dhéanamh arís go bráth - Amen.
Uimh. 11.
A Dhia, tá grádh agat dúinn, beidh grádh againn duit.
Uimh. 12.
-Mar a deirid ag ól dí:-
Bhur sláinte agus sláinte na gcomharsan
Sláinte na sean-mhuinntir mar is iad do thóg sinn
Is dá mbeadh a gcuid aca
Is sinn do gheobhadh í

Informant
Pádraig O Suilleabháin
Gender
male
Address
Milleens, Co. Kerry
Language
Irish