School: Tulca (roll number 1396)

Location:
Tullaha, Co. Kerry
Teacher:
Mícheál Ó Dálaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 299

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 299

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tulca
  2. XML Page 299
  3. XML “Pósaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Leis na cintaibh is é an t-am de'n bhliadhain is mó pósann na daoine tímcheall na paróiste seo ná san Inid agus Satharn agus Luan is iad na laetheanta is gnáthach leo dul go dtí an séipéal chun bheith pósta. Níor airigheas riamh aon piseóga maidir le pósaidhthe acht amhain d'airigheas dán i mbéarla mar gheall air na h-eadaighe gur ceart do caitheamh ar an lá mór san. Deirtear:- "Someting old, something new, something borrowed, and something blue".
    Deintear cleamhnaistí fós ins an gceanntar so agus is mór an cainnt a bhíonn ortha. Má bhíonn cailín, ciallmhar, grástamhail óg sa pharóiste agus spré a dóthain aice cuireann athair nú máthair an bhuachalla "spacaéirí" go dtí tig an chailín chun an cleamhnas do luadhadh agus cuirtear an teachtaireacht san go muinntir an chailín i ngan fhios d'éinne ar eagla go bhfaighidís an diúltadh. Agus má bhíd sásta téidheann beirt nú triúr ó gac taobh go dtí an baile is giorradh dóibh chun an cleamhnas do dhéanamh. I dtig ósta a buailid uma chéile de ghnáth agus buailtear cnag ar an gcúntar mar tosnúghadh agus gan puinn mhoille leis. -
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish