School: Tulca (roll number 1396)

Location:
Tullaha, Co. Kerry
Teacher:
Mícheál Ó Dálaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 295

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 295

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tulca
  2. XML Page 295
  3. XML “Bréagáin agus Caitheamh Aimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bréagáin agus caitheamh aimsire
    San áit seo ní bhíonn na páisdí ag déanamh bréagán fé mar do bhíodh siad fadó agus sé mo thuairim go bhfuil siad níos leisceamhla ná na páisdí a bhí ar scoil liom-sa agus mé im gharsún. Nuair [a] théighimís amach san ionad súgartha, deireadh duine go mbeadh sé mar ghiorfhiadh agus annsan [a] théigheadh na buachaillí eile ar a thóir. Thugadh sé aghaidh ar an gcnoc go minic, luigheadh sé cois claidhe nú ag bum carraige i dtreo is go ndéanfadh sé amadáin de na buachaillí eile. Nuair a bheireadh siad air, théigheadh buachaill eile amach mar ghiorfhiadh eile agus leanadh an spórt sin go gcloisimis an clog á bhualadh ag an máighistir. Pé [a]ca aimsir fhuar nú bhreágh a bhí ann, bhí an spórt san againn gach lá nach mór. Anois fanann na scoláirí le hais fallaí na scoile gan aon spórt ar siubhal aca.
    Sa Samhradh [a] bhíodh topaí adhmaid againn agus dheinimís cearcal san mbóthar nú san ionad súgartha agus dheinimís ár ndícheall na topaí do chur ag faoileáil lámh leis agus pé duine a dheineadh iarracht tuathalach -'s é sin a thopa do bheith ró-fhada ón gcearcal bhíodh iachall air é do fhágaint ar an mbóthar. Annsan chuireadh gach buachaill a thopa ag faoileáil ar an dtalamh, thógadh sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. entertainments and recreational activities (~5,933)
    Language
    Irish