School: Tulca (roll number 1396)

Location:
Tullaha, Co. Kerry
Teacher:
Mícheál Ó Dálaigh

Filter stories

Back
/ 324 Forward
Resolution: Low | High
Saol a Bhíodh ag Spailpín Fánach Fadó

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 294

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhíos ag cainnt le Seán O Súilleabháin siopadóir, a comhnuigeann igCillabunáin, par- an Bunáin agus dubhairt sé liom nuair bhí sé ag tuilleamh págh an lae ag feirmeoir caogad blian ó shoin go mbíodh sé ag obair o'n a sé go dtí na deich san oidhche. Caitheadh sé eirighe ar a sé agus na ba do chur "ar fosuidheacht" mar bhíodh siad sa tuar ar feadh na h oídhche.

Annsan gearradh sé beart easrach, agus beart aitinn agus bheireadh sé abhaile iad agus gheibheadh sé a bhreicfeást tímcheall a naoi. Tar éis a shuipéir bheith ithte aige bhí iacall air dul go dtí an scioból agus bheith ag bualadh arbhair go dtí na deich sa Gheimhreadh. Prátaí, arán, uaireannta, is bainne a bhíodh mar gnáth bídh aige acht nuair bhíodh spealadóir ag obair gheibheadh sé an tae.
Agus bhí buachaill ó'n áit seo ar aimsir ar an dtaobh thuaidh de Neidín agus gidh go raibh sé óg buachaill láidir, a bheadh é agus i rith an t-Samhraidh dheineadh sé an spealadóireacht acht muga tae d'fháil sa tráthnóna. Dubhairt an fear san liom uair gur minic a chodaluigheadh sé san áit in a mbíodh na ba in a luighe ar feadh na oidhche mar ní bhíodh a dhothain codlata aige ar dhul amac dó sa Samhradh.

Informant
Seán Ó Súilleabháin
Gender
male
Language
Irish