School: Tulca (roll number 1396)

Location:
Tullaha, Co. Kerry
Teacher:
Mícheál Ó Dálaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 290

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 290

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tulca
  2. XML Page 290
  3. XML “Cúram na gCos”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Cúram na gcos
    San bparóiste seo dachad blian ó shoin bhíodh na páisdí gan bróga go dtí go mbíodh siad naoi mbliana ar a luighead agus an chéad pheidhre a gheibhidís ní bhíodh de chead aca iad a chaitheamh acht amháin chun dul ar aifreann gach Domhnach. Ní chuiridís orrtha de ghnáth [iad] go dtí go mbíd[ís] sé bliana déag agus pé obair saoráideach a bhíodh le déanamh aca chaithidís na bróga uatha mar ualach trom dob eadh iad.
    Bhí boinn na gcos ana-chruaidh ar fad agus ní raibh beann aca ar fuacht, lic oidhir nú sneachta leis. Nuair [a] bhíos im gharsún bhí meas mór againn ar chnaipí agus marbilí (=mirlíní), bhíodh cnaipí ar chórda ag gach buachaill agus agus dhéanfadh garsún gaisce mór míchiallda acht cnaipe a thabhairt dó mar dhíoluigheacht. Do chonnaic mé áit ina raibh aoileach agus bhí brat mór de aiteann ann. Bhí sé ana-gharbh dar ndóigh agus deiligne géara innte agus do chonnaic mé garsún ghá phosáilt ach cúpla cnaipe d'fháil. Bhí aithne agam ar fhear a bhí ina chómhnuidhe i nDrom an Ghoirtín, paróiste an Bhunáin agus dubhairt sé ná bíodh aon bhróg air nuair [a] bhíodh sé ag baint aitinn, acht chuireadh sé a chaipín idir a chosa agus an aiteann nuair a bhíodh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. clothing and accessories (~2,403)
        1. shoes (~1,841)
    Language
    Irish
    Informant
    Donncad O Súilleabháin
    Gender
    Male
    Age
    79
    Address
    Deelis, Co. Kerry
    Informant
    Murt O Séaghdha
    Gender
    Male
    Age
    94
    Address
    Killabunane, Co. Kerry
    Informant
    Pádraig O Laoghaire
    Gender
    Male
    Age
    74
    Address
    Dromagorteen, Co. Kerry