School: Tulca (roll number 1396)
- Location:
- Tullaha, Co. Kerry
- Teacher: Mícheál Ó Dálaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tulca
- XML Page 282
- XML “Liosanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)nach ceart dul i ngar dóibh mar atá diamhaireacht éigin ag baint leo.Tá lios mór i nDrom an Ghoirtín, an Bunán. Tá sé cruinn, claidhe mór agus díog mór timcheall air agus é cuibheasach leibhéalta ar a bharr. Tamall síos ón gceann san tá "seomraí" eile agus gidh go bhfuil dhá chéad slat eadtorra deireann na daoine go bhfuil siad ceangailte le chéile.
Suas le céad slat ón lios sin tá cearcail cloch - dhá cheann déag agus gallán mór ina lár agus ní dóigh liom go bhfuil aon cheann eile mar é san bparóiste. Níor réabadh nú níor treabhadh aon lios aca riamh, acht nuair [a] bhíos óg d'airigheas daoine ag trácht mar gheall ar dhaoine a thóg clocha as ceann aca agus tamall ina dhiaidh sin fuair an bheart fhear bás.
Tá uaigheanna daoine i Lisín na mBan i gCúil na gCupóg, i Lisín i gCnoc Dubh agus i Lisín Cille Abhantraigh leis acht ní fios cathain a deineadh ann iad.(Ó na seandaoine d'airigheas é.)