School: Tulca (roll number 1396)

Location:
Tullaha, Co. Kerry
Teacher:
Mícheál Ó Dálaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 281

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 281

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tulca
  2. XML Page 281
  3. XML “Liosanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ar bhruach an tSimhin- 's é sin an abha a thaosgann an ceanntar. Tá coillte ag fás ar chuid aca agus tá an chuid eile lom gan acht aiteann. Fraoch nú raithneach ag fás orrtha. An ceann atá i gCill an Bhunáin bhí sé clúduighthe le crannaibh acht 's é mo thuairim agus tuairim daoine eile gurbh é an tighearna Lansdowne a chuir ann iad. Dair bhreágh dhíreach a bhí ag fás ann acht ní gádh dhom a rádh nach bhfuil(?!) acht na stúmpaí ann anois. Do sciob muinntir na háite iad chun gaethe le haghaidh trucailí do dhéanamh díobh acht ámh. Tá liosanna eile sa cheanntar agus ní bhaineann siad leo, mar chreideann na daoine gur rud mí-ráthmhar clocha, adhmad nú aon rud eile do bhaint asta.
    Níor airigheas riamh go ndeaghaidh aoinne isteach ionnta acht tá céimeanna déanta de chlochaibh ionnta agus dá gcaitheá cloch isteach tríd an bpoll ar a mbarr go gcloisfeá an fothram agus cliotaráil fé mar a raghadh sí go bun an leasa. Samhluigheann a lán daoine gur in aimsir na lochlannach in Éirinn a deintí úsáid díobh mar théigheadh na daoine i bhfolach ionnta. Deireann daoine eile
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. legendary and spiritual places (~158)
        1. fairy forts (~5,616)
    Language
    Irish