School: Tulca (roll number 1396)

Location:
Tullaha, Co. Kerry
Teacher:
Mícheál Ó Dálaigh

Filter stories

Back
/ 324 Forward
Resolution: Low | High
Liosanna

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 280

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Liosanna

Tá mórán liosanna timcheall an cheanntair seo. Cuid aca mór, cuid aca beag agus poll ins gach ceann agus céimeanna ag dul isteach ionnta annso is annsúd. Tá an chuid is mó aca i radharc a chéile agus ar chnocán ard gach ceann.
Is iad na hainmneacha atá ortha ná Lios na Rátha i mbaile fearainn Ráth ar an dtaobh thiar den bparóiste. Lisín na mBan i gCnoc Dubh le hais an bhóthair atá ag dul ó Dhroichead Roilíoch go Barr Iarthach, Lios an Duílis i nDuílios, i lár an pharóiste in aice an tséipéil; Lios na Milíní i Milíníbh, os comhair an leasa sin, Lios an Sgreithín i dtalamh Dhonnchadha Uí Shúilleabháin, i nDrom an Ghoirtín "Lios Cille an Bhunáin," i dtalamh Phádraig Uí Shúilleabháin agus os comhair an leasa eile, agus Lios "Cille Abhantraigh" i dtalamh Dhómhnaill Uí Chonchubhair, i nDoire na gCúlach , i Neidín agus táid (trí cinn) i radharc a chéile. Tá "Lisín Gharraí Leitir" i dtalamh Mhuirt Uí Shéaghdha i nGarraí Leitir agus leathmhíle ón gceann san tá ceann eile i dtalamh Phádraig Uí Fhloinn i nGarraí Leitir leis.
Táid go léir cruinn agus suidhte ar chnocánaibh agus dhá cheann

(continues on next page)
Language
Irish