School: Tulca (roll number 1396)

Location:
Tullaha, Co. Kerry
Teacher:
Mícheál Ó Dálaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 272

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 272

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tulca
  2. XML Page 272
  3. XML “An Chuigeann”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An chuigionn
    Ins gach tigh feirmeora san áit seo [a] bhíodh meadar agus an déanamh céadna ar gach ceann aca. De adhmad deintí iad, cruinn ag an mbun agus troigh go leith ar leithead. 'S é seo (pictiúirín sa lámhscríbhinn) an fhuirm a bhíodh ortha agus bhíodh fonnsaí feistighthe timcheall orrtha chun iad a choimeád daingean. 'S é an aoirde bhí orrtha na trí troighthe nach mór.
    Is iad na gléasanna a bhí ag dul léi ná loinithe, clúid agus claibín na meidre. De adhmad deintí iad. Bhíodh an loinithe cúig troighthe ar fhaid. Bhíodh píosa adhmaid cosamhail le sámhthach na ramhain[n]e sáidhte isteach i bpíosa eile agus puill bheaga tríd an bpíosa sin chun an bainne do leogaint tríotha. Seo (pictiúirín sa lámhscríbhinn) a fhuirm.
    Chuiridís píosa eile -claibín na meidre tríd an loinithe, chuiridís an loinithe tré pholl sa chlúid, agus bhíodh an claibín (pictiúirín sa lámhscríbhinn) ina shuidhe ar an gclúid d'fhonn is ná beadh an bainne ag teacht amach le linn a bhuailte.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
          1. butter and churns (~3,280)
    Language
    Irish