School: Tulca (roll number 1396)

Location:
Tullaha, Co. Kerry
Teacher:
Mícheál Ó Dálaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 271

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 271

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tulca
  2. XML Page 271
  3. XML “Tiarnaí Beaga nó 'Middlemen'”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Do chuir duine dhíobh teachtaire chun duine lá. I lár an tSamhraidh é agus d'fhógair sé dó bheith ag tigh an duine mhóir maidean áirighthe chun féir a thabhairt isteach. Toisc an deabhaidh a bhí ar an bhfeirmeoir bocht, thug sé an diúltadh dó. Ag an gceárdchain bhí an feirmeoir nuair [a] fuair sé an teachtaireacht ach faic níor bhraith go dtí go raibh an "middleman" taobh amuigh den gceárdchain ar mhuin chapaill. Ghlaoidh sé amach an feirmeoir agus d'fhiafruigh sé de cad 'na thaobh nár tháinig sé ar dtúis. Tháinig an fear ina bhfiadhnaise agus sheas sé i gcúinne idir chlaidhe agus falla na ceárdchan agus nuair [a] thug sé an diúltadh airís níor dhein an bodaire acht na spuir do chur le maotháin an chapaill. Thosnuigh an capall ag speachaigheal i dtreo an fhir bhoicht acht nuair do chonnaic an gabha foirteamhail an púnc ina raibh sé. Léim sé amach i láthair na huaire agus bhuail sé buille den gcasúr a bhí ina láimh ar chliathán an chapaill a chuir péirse amach ar an mbóthar é. Deirtear gurbh é sin an chéad duine go raibh de dhánaidheacht air lámh do chur ar na "middleman" i mBonán. Do chonnaic mé an tseancheárdchan go minic i Milíní.
    Ó Dhonnchadh Ó Séaghdha (58 bliana), Cúl na gCupóg, an Bunán.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Donchadh Ó Séaghdha
    Gender
    Male
    Age
    58
    Address
    Coolnagoppoge, Co. Kerry