School: Tulca (roll number 1396)

Location:
Tullaha, Co. Kerry
Teacher:
Mícheál Ó Dálaigh

Filter stories

Back
/ 324 Forward
Resolution: Low | High
Tiarnaí Beaga nó 'Middlemen'

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 270

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Tighearnaidhe beaga nú "middlemen"

Do scríobhas beagán mar gheall ar na Garránaibh cheana. Áirmhightear go raibh suas le ceithre tighte déag ins an mbaile fearainn sin agus suas le deichneabhar is trí fichid duine ina gcómhnuidhe san áit chéadna. Deirtear go raibh an áit sin i seilbh fir darbh ainm "John Ma Domhnaill" agus "Half sir" ab eadh é agus duine mórdhálach, teanntásach leis. Théidheadh sé tríd an bparóisde ag marcaidheacht ar each (eich sa lámhscríbhinn) de ghnáth. "Riding breeches", casóg eireabaill agus caroline air agus é ana-úghdarásach ina fhéachaint. Cheap na tighearnaidhe seo go raibh na daoine eile mar "common men" agus ní raibh de chead aca ach balcaisí do chaitheamh ag dul ar afireann.
D'airigheas go ndeaghaidh fear de mhuinntir Chonchubhair ar aifreann lá i mBonán. Bhí caroline air agus casóg eireabaill leis acht nuair [a] chonnaic na bodairí é do stracadar an culaith agus dheineadar giobail de agus dheineadar -rud nach ceart dom a luadhadh- anuas air. Triochad blian ó shoin d'airigheas scéal eile mar é.
Tá's ag gach éinne go gcuireadh na "Middlemen" iachall ar na teanóntaidhthe a gcuid oibre do dhéanamh dóibh agus seo scéal eile d'airigheas mar gheall ar na tíoranaighe céadna.

(continues on next page)
Informant
Donchadh Ó Séaghdha
Gender
male
Age
58
Address
Coolnagoppoge, Co. Kerry
Language
Irish