School: Tulca (roll number 1396)
- Location:
- Tullaha, Co. Kerry
- Teacher: Mícheál Ó Dálaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tulca
- XML Page 268
- XML “Éadaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Dheinidís plainín bán as an tsnáith. Dheinidís an "báinín" i gcóir na bhfear as agus treabhsars leis agus i lár an tSamhraidh bhíodh na feirmeoirí ag obair is gan de éadach orrtha ach an treabhsars céadna agus an léine. Ní bhíodh aon chnaipí san mbáinín acht é snaidhmthe ag cúm an fhir de ghnáth. Timcheall dachad blian ó shoin bhí beirt fhear annso a chaitheadh an bríste geairid agus an chasóg fhada agus "caroline" -hata-, agus níor chaitheadar aon saghas eile ach iad le linn a mbeatha.
Gidh go bhfuil ceathrar figheadóirí ag obair annso fé láthair ní chaitheann na daoine an t-éadach. Ní ceannuightear in aon chor é ach amháin i gcóir na bpáistí. Samhluigheann siad go bhfuil sé ró-gharbh agus b'fhearr leo mianach eile do cheannach i Neidín. "Blue serge" a chaitheann na fir óga go coitchianta agus ceapann siad go bhfuil gach saghas éadaigh eile ró-throm agus ró-gharbh leis.
Fadó - céad blian ó shoin - bhíodh líon ag fás annso acht níl na giúirléidí a bhaineann leis an ndéantús sin le feiscint san bparóiste. Dheinidís bairlíní agus léinteacha as an lín agus deiridís "ba dheacair iad a shárúghadh."(continues on next page)