School: Tulca (roll number 1396)

Location:
Tullaha, Co. Kerry
Teacher:
Mícheál Ó Dálaigh

Filter stories

Back
/ 324 Forward
Resolution: Low | High
An Tiarna Talún

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 264

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

An tighearna talmhan

Dob' é an tighearna Lansdowne a bhí mar mháighistir i mBunán acht tighearnaí beaga ("middlemen") aige agus bhí cuid den bparóiste seo ina seilbh. Bhí Súilliobhánaigh ina gcómhnuidhe i gCill an Bhunáin -Par. an Bhunáin- agus bhíodar an-chomhachtach nuair do bhí cuid den bparóiste aca.
Bhí Eirnín ag duine de mhuinntir Shúilliobháin agus Doire na Thón (?), Tulacha, Gort na gCapall, Leitir Dúnáin agus Mílíní ag duine eile. Bhí cíos trom ar na daoinibh, teinióntaibh agus pé obair a bhíodh le déanamh ag na "middlemen" bhíodh ar na teinióntaibh é do dhéanamh dóibh agus dá dtugaidís an t-eiteach (éitheach sa lámhscríbhinn) dhíolfaidís as.
Bhí daoine eile - "The Pounds of Gaortha", Súilliobhánaigh is dóigh liom- ana-chómhachtach le linn an ama chéadna. D'airigheas go raibh Gaortha, Duílios agus Garraí Leitir ina seilbh agus b' iad na teinióntaithe a dheineadh an obair dhóibh. Nuair do bhí tigh Dhonnchadh Uí Shúilleabháin - Daoilís ghá dhéanamh aca d'airigheas go bhfaigheadh an saor agus na fir oibre cíléir leitean agus bainne géar i gcóir a ndinnéar gach lá.
Bhí na tighearnaí beaga dian ar

(continues on next page)
Language
Irish