School: Tulca (roll number 1396)
- Location:
- Tullaha, Co. Kerry
- Teacher: Mícheál Ó Dálaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tulca
- XML Page 260
- XML “An Drochshaol”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Nuair a tháinig an dubh ar na prátaí ní raibh aca ach arbhar ach pé méid a bhí ann ní choinneóchadh sé ina mbeathaidh iad mar ní fhásann an t-arbhar ró-mhaith annso pé saghas aimsire a bhíonn againn. Ní bhíonn ach stáca nú dó ag gach feirmeoir fé láthair agus suas le trí malaí coirce ag gach ceann.
Ar an min bhuidhe a bhíodar ag brait agus nuair ná raibh an t-airgead raidhseamhail ba dheacair é d' sholáthar. Ithidís turnapaí agus cabáiste go minic, agus d'airigheas seanbhean ó Ghairidhleitir a rádh uair go bhfeaca sí beirt bhan ag troid go fíochmhar mar gheall ar phréachan a fuaireadar i gcoill an Ghaorthaidh. Bhí coill mhór ann an uair sin. Bhí tigín beag ag triúr ban lámh le droichead Ghairidhleitir ar thaobh an tseana-bhóthair idir Bunán agus Gleann Garbh agus chomh túisce is [a] gheibheadh bean bás chaitheadh an bheirt eile laistigh den doras í, agus nuair a d'éag an tarna duine, fuair an corp an íde chéadna, agus bhí an triúr marbh nuair [a] tháinig an carráiste -"Buggie Nóra"- chun iad do thionnlacan chun na roilige seo an rann mar gheall ar an gcarráiste:-(continues on next page)- Informant
- Pádraig O Súilleabháin
- Gender
- Male
- Address
- Milleens, Co. Kerry