School: Tulca (roll number 1396)

Location:
Tullaha, Co. Kerry
Teacher:
Mícheál Ó Dálaigh

Filter stories

Back
/ 324 Forward
Resolution: Low | High
Scéal Eile

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 258

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Sgéal eile

Bhí aithne agam ar fhear a bhí ina chómhnuidhe i mBunán suas le triochad blian ó shoin. Bhí a mháthair agus é féin ina gcómhnuidhe sa tigh céadna agus bhí a dhrifúir sínte fén gcré le cúig bliana nuair do thuit an rud san amach. Nuair [a] bhí a mháthair ag fagháil bháis bhí a mac sa seomra ag freastal uirthí. Bhí an seomra ina raibh sí in aice na cistineach. Aon oidhche agus an fear ag ceann a leabthan agus doras an [t]seomra oscailte chonnaic sé an drifúir a bhí marbh ina seasamh ag doras an tseomra agus í ag féachaint ar a máthair. D'aithin an fear í agus d'innis sé an sgéal go minic le linn a bheatha.
Bhí an fear céadna ag scoruidheacht uair. Oidhche bhreágh gheal a bhí ann agus é ag teacht abhaile timcheall a haon déag. Bhí sé ag teacht tré pháirc bhreágh, leibhéalta agus trí uaire i ndiaidh a chéile baineadh a hata dhe. Tá eolas agam ar an áit sin. Le hais na habhan[n], le hais coille móire is eadh é.
D'airigheas é seo nuair [a] bhíos óg.

Language
Irish