School: Tulca (roll number 1396)

Location:
Tullaha, Co. Kerry
Teacher:
Mícheál Ó Dálaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 256

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 256

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tulca
  2. XML Page 256
  3. XML “Scéal Eile”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéal eile
    Bhí fear ina chómhnuidhe leathmhíle ó mo thigh-se agus nuair a bhí sé óg cailleadh a mháthair. Oidhche amháin tar éis bháis a mháthar bhí sé ag déanamh meascán mearaidhe sa chistin i dteannta na bpáistí eile. Do labhair a n-athair leo, agus do labhair sé airís agus do bhagair sé an tslat orrtha acht pioc d'eagla níor chuir an fógra orrtha.
    I ndeire na scríbe do phreab a n-athair ina sheasamh go hobann agus do rith na páistí annso is annsúd agus d'fhanadar socair go ceann tamaill eile. An fear gur innis an scéal dom rith sé isteach sa rúm -párlús- agus chuir sé a dhá láimh i gcoinnibh ursan an dorais agus é ag féachaint go hamhrasach ar a athair a bhí in aice na teineadh. Ní raibh aoinne eile sa seomra ach é féin, agus dubhairt sé liom gur cuireadh dhá láimh ar a dhrom agus gur caitheadh suas i lár na cisteanach é. Chuir an suathadh sin scannradh air agus d'fhan sé socair go deire na hoidhche. Tá an fear bocht sínte fén gcré le cúig bliana agus fear maith diagaighthe ab eadh é leis.
    Ó Chonchubhar Ó Séaghdha, Droim an Ghoirtín, Bunán.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Informant
    Conchubhar O Séaghdha
    Gender
    Male
    Address
    Dromagorteen, Co. Kerry