School: Tulca (roll number 1396)

Location:
Tullaha, Co. Kerry
Teacher:
Mícheál Ó Dálaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 255

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 255

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tulca
  2. XML Page 255
  3. XML “Scéal i dtaobh Duine a Fuair Bás i Meiriceá”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéal i dtaobh duine a fuair bás in Americá
    An fear san gur airigh an ceol ar a rabhas ag cainnt tá sé ina chómhnuidhe leathmhíle ó mo thigh-se. Oidhche áirighthe i lár an gheimhridh chuaidh sé amach agus nuair [a] bhí sé cúpla péirse ón dtigh d'airigh sé gol brónach, truaighmhéileach ar nós gol leinbh. D'éist sé go haireach agus annsan chuaidh sé isteach agus ghlaoidh sé ar a athair chun dul amach mar do bhí duine éigin ag dul amúgha dar leis. Bhuail a athair a bhróga air agus amach leo. D'éistigheadar agus d'airigh siad an gol airís agus shamhluigheadar go raibh sé ag dul ó pháirc na hiothlainne go bun an bhaile agus treasna na habhann agus i dtreo tighe dhuine eile a bhí ina chómhnuidhe ar chliathán an chnuic.
    Tá bóthar idir an abhainn agus an tigh sin agus an oidhche chéadna bhí fear eile ag gabháil siar an bóthar sin ó Neidín agus d'airigh sé an gol go soiléir. Stad sé chun éisteachta agus bhuail sé a ucht i gcoinnibh chlaidhe an bhóthair asgus tháinig uaigneas air. Bhí ceartlín aige agus le scannradh do fhág sé ar an gclaidhe é.
    An duine a bhí ina chómhnuidhe ar chliathán an chnuic. Fuair a mhac bás in Americá ar an oidhche chéadna.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish