Sgéal i dtaobh duine a fuair bás i Sasana
Bhí aithne agam ar an bhfear san mar do chómhnuigh sé i mBunán suas le triochad blian sara ndeaghaidh sé go Sasana. Bhris a shláinte air agus nuair a fuair sé bás chuir a dhriotháir timthireacht chun a mháthar a bhí ina chómhnuidhe i mBunán. Bhí aithne agam uirthí leis.
Oidhche an tórraimh bhí súil aca go dtagadh a máthair agus bhíodar ag feitheamh léi chun teacht. I lár na hoidhche d'airigheadar cárr cliathánach nú carráiste ag teacht go doras an tighe. Stopadh na capaill agus nuair d'airigh muinntir an tighe an fothrom amuigh chuadar chun an dorais d'oscailt agus a máthair a thionnlacan isteach, ach ní raibh cárr, nú capall ann nuair [a] d'fhéach siad amach.
Dhúnadar an doras airís agus annsan d'airigheadar an ceol ba bhreághtha dár [h]airigheadh riamh agus é le clos ins gach seomra. Lean an ceol san suas le uair a chluig. An fear gur innis an sgéal dom tá sé ina bheathaidh fós agus fear fíormhacánta ins gach slighe é leis.
Ó Phádraig Ó Súilleabháin, Cill an Bhunáin.