Sgéalta mar gheall ar an "daoine maithe"
Bhí fear ina chómhnuidhe i mBunán suas le fiche blian ó shoin. Bhí aithne agam air. Bhí sé pósta agus aon oidhche [amháin] timcheall a seacht a chlog san nGeimhreadh b'éigean dó dul ag iarraidh an dochtúra go Neidín mar bhí a bhean breoite. Chuaidh sé ann ag rothaidheacht agu ina aonar leis, agus pé rud a thuit amach, thuit sé dá rothar agus is deallrathach gur thuit sé ar chloich a bhí ar imeall an bhóthair agus gortuigheadh go mór é. Ach pé sgéal é d'aimsigh sé an dochtúir amach agus bhuail an fear bocht chun an bhóthair airís. D'éirigh go maith leis ar feadh tamaill acht cúpla míle ar an dtaobh amuigh den mbaile thuit sé airís ina laige is dóigh le gach éinne agus nuair ná raibh sé ag teacht chuadar -na cómharsain- ina choinnibh agus fuaireadar ar leath-taoibh an bhóthair é agus leathmharbh dar leo.
Cuireadh isteach i dtrucaill é agus nuair d'fhéach an fear a bhí ghá thionnlacan sa bhaile ar an dtaobh thiar de chonnaic sé solus breágh ag teacht ina ndiaidh. Lean an solus i ndiaidh na trucailleach go dtánadar i ngriorracht míle ón dtigh nuair do ghlan sé as radharc ar fad. Ba ghairid go bhfuair an fear bás.
(continues on next page)