School: Tulca (roll number 1396)

Location:
Tullaha, Co. Kerry
Teacher:
Mícheál Ó Dálaigh

Filter stories

Back
/ 324 Forward
Resolution: Low | High
Léim an tSagairt

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 246

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Léim an tSagairt

Tá an cnoc sin lámh le Gaortha na gColl i mBunán nú idir í agus Beanntraighe agus sé an fáth gur cuireadh an ainm seo air mar do léim sagart ó bharr an chnuic sin go Beanntraighe agus na saighdiúirí Sasanach ar a thóir. Ar lic ar thaobh an bhóthair míle nó mar sin taobh amuigh den mbaile do thúirling an capall agus tá rian crúb an chapaill le feiscint ar an gcloich fós. Deirtear gur clúduigheadh go minic an leac chéadna acht tá sí ann fé láthair chomh soiléar is do bhhí sí nuair do chuir an sagart a chos uirthi an chéad lá riamh.
Tá carn chloch ar bharr an chnuic sin i gcuimhne ar dhuine a maruigheadh ann fadó agus sé seo an sgéal d'airigheas mar gheall air: -
In aimsir na bpéindlighthe nuair a bhíodh ar na feirmeoirí ar fuid na tíre cíos trom do íoc do na tíghearnaidhe talmhan bhí tíghearna mí-thrócaireach ina chómhnuidhe i dTiobraid Árann agus do chaith sé a lán daoine as seilbh amach ar thaobh an bhóthair agus bhí an oiread de shaighdiúirí.

(continues on next page)
Informant
Máire Ní Cúrnáin
Gender
female
Age
77
Address
Erneen, Co. Kerry
Language
Irish
Location
Priest's Leap