Leigheasanna
Bhí mórán leigheasanna ag na seandaoine i mBunán fadó agus is annamh a cuirtí fios ar dhochtúir agus duine breoite in aon tigh. Thagadh mná an bhaile isteach chun an duine bhreoite d'fheiscint, thugaidís leigheas do mhuinntear an tighe agus i gceann tamaill bhíodh an duine ar a chosaibh airís. Seo dhíbh cuid aca a triaileadh tímcheall na háite seo: -
Cneadh: - Gheibhidís slánlus, chuiridís duilleoga i ndeárnain a lámh, bhuailidís leis an láimh eile iad agus chuiridís ím úr orrtha. Cuirtí an ceiridhe san leis an gcneadh.
Cneadh: - Cuirtí "maitheas na bó", is é sin bualthaighe (bualaidhe sa lámhscríbhinn) don gcneadh.
Cneadh: - Cuirtí líon an dubháin alla don gcneadh. Nuair a bhíodh sé ag tabhairt fola, ritheadh duine amach go dtí tigh na mbó agus thugadh sé an leigheas isteach mar is i dtigh na mbó [a] bhíodh an dubhán an-iomadamhail.
Cneadh: - Cúnlach a fhásann ins an riasc
(continues on next page)