Obair na ndaoine fadó
Fadó ní raibh aon uirlisí talmhan ag na daoinibh ach an rá[mha]in, sluasad, corrán, píce, grafán agus piocóid agus sleán leis. Ba mhaith an sás iad chun oibre do dhéanamh agus ba mhór a neart leis. Sara n-ithidís aon bhéile bídh ar maidin bhíodh a lán oibre déanta aca. Ceithre fichid blian ó shoin ní raibh ach capall annso is annsúd sa pharóiste agus ar dhromanna na ndaoine bheiridís na hualaighe de ghnáth. Tá bean bheag ina cómhnuidhe fós idir Bunán agus Neidín agus thug sé 56 punt ime treasna na léime go Beanntraighe agus bhí beirt bhan eile a mhair i nGort na Binní agus le dhá chiseán thugadar lán bháid de ghainimh ó Ghleann Garbh go Bunán chun a gcuid talmhan a leasúghadh.
Bhíodh na fir is na mná cosnochtaithe de ghnáth fiú amháin agus iad ag obair sna páirceannaibh. Pé 'ca ag baint nú ag piocadh prátaí [a] bhídís ní bhíodh aon bhróg orrtha, agus nuair [a] théidheadh na fir ag tiomáint na gcaorach ar na cnuic ní bheadh na bróga mar ualach aca. Nuair [a] théidís ar Aifreann bheiridís na bróga ar a ngualnaibh agus ag druideamhaint leis an tséipéal bhuailidís orrtha iad. Dachad blian ó shoin is minic
(continues on next page)